Lá amhain bhí Ciara Ní Cholmáin ag dul ar scoil. Tháinig cailíní suas choici agus ní raibh siad deas lei. Bhí siad ag glaoch ainmneacha uirthi agus ag rá rudaí gránna.
Bhí an rud ceanna ag tarlú ar scoil. Ní raibh siad deas léi. Lá amhain thóg Sandra pictúir de Chiara ag athrú éadaí agus chuir siad é ar an idirlíonn.
Bhí suíomh gréasáin déanta ag Stevo agus Ruairí, beirt dalta sa scoil. 'Leabhairamach.com', an t-ainm a bhí air. Chuir Sandra an pictúir de Chiara suas ar an suíomh agus bhí gach duine ag féachaint air.
CABHAIRIGH LIOM!!
Lá amháin chuaigh Ciara ar siúloid agus bhuail sí le madraí rua. Thosnaigh sí ag tabhairt bia dóibh gach lá. Lá amháin, tar éis scoil, lean Sandra agus a cairde Ciara agus bhí siad ana ghránna léi agus ghlaoch siad ainmneacha uirthi arís.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, chuaigh Ciara ar strae agus bhí na Gardaí á lorg. Fuair Lara, cara le Sandra, téacs ag cuir ceist uirthi an raibh a fhios aici cá raibh Ciara. Dúirt Sandra léi gan aon rud a rá.
Bhí Ciara tar éis titim isteach i bpoll sa choill agus bhí a lámh briste. Ní raibh sí abalta teacht amach as an bpoll. Ní raibh a fhios ag aon éinne cá raibh sí.