Ag an nóiméad deireanach, fuair an t-údar teachtaireacht ón traenálaí go raibh áit aige ar an bhfoireann don chluiche ceannais.
Traenálaí: Tá súil agam nach bhfuil an teachtaireacht seo ródhéanach ach tá áit faighte agat ar an bhfoireann, lánchúlaí ar chlé.
An bhfuilim ag taibhreamh?
Roimh an gcluiche, sa seomra feistis, fuair sé rabhadh faoi a chéile comhraic, an Súilleabhánach.
Ná tóg aon cheann do do chéile comhraic, Súilleabhacán, nuair atá sé ag labhairt leat, ok? Ta cáil air a bheith ag iarraidh leaideanna a chur as trí raiméis a rá leo.
Táim an-neirbhíseach!
Ag tús an chluiche, dúirt an Súilleabhánach rudaí maslacha don t-údar. Níorbh fhada gur thosaigh siad ag troid agus tháinig an réiteoir le cárta buí.